Na háiteanna chun Féarthailte Móra na hÉireann a fheiceáil agus taitneamh a bhaint astu

Is líonra d’fhéarthailte inrochtana poiblí é Conair na bhFéarthailte atá scaipthe ar fud an tír. Déantar na láithreáin seo go léir a bhainistiú go tuisceanach, ar bhealach ina gcuirtear caomhnú an dúlra agus an éagsúlacht féarthailte san áireamh. Tá limistéir fearainn páirce a ndéantar iad a bhainistiú go dian ag cuid de na láithreáin seo freisin – bí cinnte go ndéanfaidh tú taiscéalaíocht orthu chun na codanna is fiáine a aimsiú! Sa samhradh is fearr cuairt a thabhairt ar an gcuid is mó de na féarthailte ach is dóigh go mbeidh go leor le feiceáil ag gach tráth den bhliain ag na láithreacha iontacha seo.

Chun tosú, is tionscnamh píolótach a bheidh anseo, nach mbeidh ann ach líon beag láithreacha.  Cuir scéala chugainn faoi láithreacha maithe eile ar cheart dúinn a áireamh (bain úsáid as an bhFoirm Teagmhála) – agus b’fhéidir go mbeidís ábalta a bheith mar chuid de Chonair na bhFéarthailte amach anseo. Táthar ag súil go ndéanfar soláthar i dtaobh imeachtaí agus eolais ag na láithreacha seo – ach faoi láthair, téigí chuig na féarthailte agus na nithe iontacha eile atá iontu agus bainigí taitneamh astu.

Láithreacha Chonair na bhFéarthailte:

Mar a thugtar ar aird thuas, táimid ag súil go gcuirfimid leis an liosta seo le himeacht aimsire agus líonra láithreacha ‘Conair Féarthailte’ a fhorbairt agus eolas a fhorbairt a bheidh ar fáil ón láithreán gréasáin seo agus ag na láithreacha seo.

Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Dara

faoi úinéireacht Oifig na nOibreacha Poiblí

Magairlín na Stuaice faoi bhláth i lár an tsamhraidh

80 acra de mhóinéar féir sa samhradh a ghearrtar uair amháin sa bhliain. Burláiltear an féar agus baintear den talamh iad. Laghdaíonn sé sin an torthúlacht agus tugann ugach do na bhláthanna fiáine agus féir fás. Ní bhaintear aon úsáid as leasacháin ná lotnaidicídí.  Tá Gradam Pailneoirí buaite ag bainisteoirí na bhféarthailte anseo mar aitheantas ar an mbainistiú maith a dhéantar i dtaobh cúrsaí bithéagsúlachta. Bíonn dathanna áille le feiceáil go háirithe nuair a bhíonn speicis ar nós an ghliográin agus mhagairlín na stuaice faoi bhláth i lár an tsamhraidh.


Teach Dhún ar Aill, Corcaigh

faoi úinéireacht Oifig na nOibreacha Poiblí

Magairlíní i bhFéarthalamh

Limistéar mór d’fhéarthalamh tais leathnádúrtha – a bhíonn go hálainn i lár an tsamhraidh, a bhfuil go leor dathanna, agus go leor magairlíní ann.

Tacaíonn an láithreáin seo chomh maith le roinnt speicis neamhchoitianta fear, agus is pléisiúr é cuairt a thabhairt air.


Anaclann Dúlra an Ghleanna Ghairbh, Corcaigh

faoi úinéireacht na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

An Móinéar Mór, An Gleann Garbh

Bíonn bó Chiarraí ar féarach sa Mhóinéar Mór agus tá cnoic seangán ann a léiríonn nach ndearadh an talamh a threabhadh riamh. Is féidir leat teacht ar an bhféarthalamh iontach trí shiúlóid 3km a dhéanamh ar feadh an chosáin tríd an gcoillearnach. Is deise i bhfad a bhíonn an móinéar ag breathnú go déanach sa samhradh/go luath san fhómhar lena chuid stráicí de Ghreim corcra an Diabhail.


Teach agus Feirm an Droichid Nua, Baile Átha Cliath

faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall

Féarthailte Iléagsúla ag Teach an Droichid Nua

Cuireann limistéir mhór d’fhearainn páirce ina bhfuil móinéir a ndéantar bainistiú tuisceanach orthu rogha deas eile ar fáil le hais na limistéar féaraigh ag an láithreán iléagsúil seo. Tá roinnt limistéir sa mhóinéar tais go soiléir (bí ag faire amach do speicis ar nós Airgead Luachra), agus speicis eile atá i bhfad níos tirime (san earrach téigh sa tóir ar na sabhaircíní chun cuidiú leat an limistéar d’fhéarthalamh cailcreach a fháil anseo!).


Anaclann Dúlra an tSeascainn Mhóir, Dún na nGall

a bhfuil go leor úinéirí aici lena n-áirítear feirmeoirí áitiúla, An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus Cairde Éanlaith Éireann

Féarthalamh Fliuch sa Seascann Mór

Láithreán atá álainn ar fad i dtaobh radhairc de ina bhfuil 300 heictéar de dhumhcha socra, féarthalamh machaire, féarthalamh fliuch, móinéir agus riasc. Trí na ba agus capaill a scaoileadh ar féarach sa gheimhreadh, ag tráthanna sa samhradh agus tríd an bhféar a ghearradh – cuidíonn sin ar fad leis an láithreán seo a choinneáil i riocht maith don bhithéagsúlacht. Tá an láithreán seo iontach do mhagairlíní agus do réimse de phlandaí féarthalún. Is láithreán é freisin a bhfuil cáil air do na héin a bhíonn ann..


Sliabh Cairn/Anaclann Dúlra Chaolchoille, atá mar chuid de Pháirc Náisiúnta Bhoirne

faoi úinéireacht na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

Cosán Aolchloiche agus Féarthalamh Shliabh Cairn

Is láithreán é seo ina bhfuil pábháil aolchloiche, féarthalamh cailcreach atá beo le magairlíní, coillearnach agus scrobarnach chomh maith le haill dhrámatúil faoi chrainn sa chúlra. Is trí eallach a bheith ar féarach is mó a dhéantar an talamh a bhainistiú sa gheimhreadh. Is iontach an áit an láithreán seo chun réimse leathan de phlandaí a bhaineann go sonrach le Boirinn a fheiceáil. Tá dhá shiúlóid ghearra ann atá idir 1-2 uair an chloig ar fad ar feadh cosáin gharbha.


Páirc Thigh Motháin, Baile Átha Cliath

faoi úinéireacht Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

Móinéir faoi Bhláth Pháirc Thigh Motháin

160 heicteár de mhóinéir a bhíonn faoi bhláth ar feadh tréimhsí fada (a ghearrtar uair amháin sa bhliain), móide breis is 8 heicteár de mhóinéir a bhíonn faoi bhláth ar feadh tréimhsí gearra (a ghearrtar cúig huaire sa bhliain). Is le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas iad agus is iad a dhéanann bainistiú orthu agus déanann siad monatóireacht chomh maith ar na réimis éagsúla bhainistithe. Tá píosa d’iomaire eiscir slán ina bhfuil plandaí neamhchoitianta díreach le taobh an M50! Píosa álainn iléagsúil féarthalún, díreach ar imeall na príomhchathrach.

Photo Credits: Maria Long, Joshua Brown, Clare Heardman and Edwina Cole.