Feicfidh tú thíos roinnt nasc chuig áiteanna ar féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi fhéarthailte, faoi phlandaí agus ainmhithe féarthalún, agus faoi chaomhnú féarthailte ann. Cuirfimid leis an méid sin de réir a chéile, agus iarrfaimid ort aon mholtaí a d’fhéadfadh a bheith agat a sheoladh ar aghaidh chun cur leis an liosta (grasslands@housing.gov.ie).

Is áit úsáideach é leathanach na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir le féarthailte chun na nithe seo a leanas a aimsiú:
- tuarascálacha ó shuirbhéanna náisiúnta maidir le féarthailte
- rochtain ar amharcóir do léarscáil ar líne a thaispeánann féarthailte leathnádúrtha ar fud na hÉireann (tabhair ar aird gur faoi úinéireacht phríobháideach atá formhór na bhféarthailte seo agus nach bhfuil rochtain phoiblí orthu)
- naisc chuig sraith físeán oideachasúil a bhaineann le féara agus féarthailte a aithint (cé go bhfuil siad go hiontach, tá siad an-fhada freisin!)
- naisc chuig cainteanna atá tugtha ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra maidir le féarthailte leathnádúrtha

Leathanach Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann maidir le ‘Tionscadal Fhéarthailte na hÉireann’, a n-aimseoidh tú na nithe seo a leanas ann:
- réimse físeán teagaisc a chlúdaíonn grúpaí éagsúla plandaí féarthalún a aithint (e.g. cuise agus lusanna taghla)
- bileoga áisiúla is féidir a íoslódáil maidir le ceithre cinn de na cineálacha féarthalún is neamhchoitianta in Éirinn, a liostaítear i dTreoir an AE maidir le Gnáthóga
- agus réimse nasc chuig nithe eile úsáideacha a bhaineann le féarthailte

Tá neart acmhainní le fáil ar láithreán gréasáin an Phlean Pailneoirí Uile-Éireann, agus seo roinnt díobh:
- faisnéis luachmhar faoin údar nach smaoineamh maith i gcónaí é síol ‘bláth fiáin’ a úsáid
- postáil blag faoi ‘Luach neamhghnách na bhféarthailte leathnádúrtha atá ann cheana’
- roinnt íomhánna a thaispeánann an chuma a cheart a bheith ar mhóinéar
- agus tá go leor eile ann… molaimid duit dul tríd gach rud atá ar an láithreán gréasáin seo!

Láithreán gréasáin ‘Farming for Nature’:
- láithreán gréasáin eile na hÉireann is ea é a bhfuil cuid mhór faisnéise le fáil ann – féach ar na físeáin faoin bhfeirmeoireacht, glac páirt sna seisiúin ‘Cuir ceist ar fheirmeoir’, glac páirt i siúlóid feirme, nó íoslódáil acmhainní.

‘Mórchonaire Féarthalún Ghlinnte Aontroma’ i dTuaisceart Éireann:
- is breá linn ‘Mórchonaire Féarthalún Ghlinnte Aontroma’ i dTuaisceart Éireann – íoslódáil an leabhrán.

Sa Bhreatain, tá láithreán gréasáin den scoth ag an ‘Floodplain Meadows Partnership’ – má tá suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoi fhéarthailte a bhíonn faoi uisce go minic, nó i ‘calaí’ mar a thugaimid orthu in Éirinn, féach air, agus b’fhéidir go n-íoslódálfaidh tú an leabhrán cuimsitheach atá aige.

Eagraíocht eile a chlúdaíonn an Ríocht Aontaithe is ea Plantlife, a ritheann feachtas éifeachtach chun iarracht a dhéanamh feasacht a mhéadú faoi fhéarthailte agus faoi fhéarthailte a chaomhnú. Tá leabhráin agus acmhainní eile den scoth ag an eagraíocht.

Is fiú féachaint ar láithreán gréasáin ‘Save our Magnificent Meadows’, agus tá doiciméid chomhairle agus treorach acu is féidir leat a íoslódáil.