I gcodanna de Thamhlacht agus don Chnoc Glas tá ithreacha eascracha neamhfheabhsaithe, agus cuireann siad seo acmhainn iontach ar fáil d’fhéarthailte atá saibhir ó thaobh speiceas de. Baineadh an acmhainneacht sin amach nuair a d’athraigh Comhairle Contae Átha Cliath Theas na cleachtais bhainistíochta gearrtha féir i bPáirc Thigh Motháin chun speicis bláthanna agus feithidí pailniúcháin a éascú. Ní ghearrtar an chuid is mó de na móinéir seo anois ach uair sa bhliain, agus baintear gearrthóga chun leanúint ar aghaidh ag laghdú torthúlachta agus chun tuilleadh speiceas bláthanna fiáine a spreagadh.
Cuireadh tús le clár monatóireachta bithéagsúlachta in 2020, le tacaíocht ó Chiste Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Áitiúil an SPNF. Fuarthas amach sna suirbhéanna sin go bhfuil limistéir shuntasacha de na móinéir ar aon dul anois le ‘Móinéir Féir Ísealchríoch’, agus cuid acu le ‘Féarthailte Cailcreach saibhir ó thaobh Speicis de’ (an dá cheann liostaithe le haghaidh cosanta ar Iarscríbhinn 1 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga). Tacaíonn an t-athchóiriú luibheolaíoch seo le daonraí sláintiúla feithidí agus pailneoirí, ag tairiscint acmhainn bonneagair ghlais ríthábhachtach do raon leathan speiceas i dtimpeallacht uirbeach in aimsir dhúshlán na bithéagsúlachta agus na haeráide. In 2023, tugadh faoi thionscadal píolótach chun síolta a bhailiú agus a stóráil ó chuid de na móinéir seo, agus an cumas ann an síol seo a úsáid i dtionscadail athchóirithe iomchuí eile sa cheantar.
Having seen the decline and loss of wonderful species-rich grasslands across Ireland over the course of my career, l jumped at the opportunity to help restore South Dublin County Council’s esker grasslands and the invertebrate biodiversity they support. To see such a diversity of plants and insects on my urban doorstep is a pure joy!