Rinneadh suirbhé ar na féarthailte mar chuid de scéim agrachomhshaoil ACRA agus tá sé cruthaithe go bhfuil raon éagsúil speiceas plandaí acu. I measc siúd a taifeadadh go dtí seo tá an Gliográn, Finidí na Muc, Boladh Cnis, Sabhaircín, Bainne Bó Bleachtáin, Samhadh Bó, Samhadh Caorach, Méara Muire, Lus Cúráin, Cluas Chait, Peasairín Buí, Crobh Éin, Nóinín Mór, Cúlarán, Lus na Seabhaic, Airgead Luachra, Athair Thalún, Gallfheabhrán, Seamair Bhán, Glanrosc, Feabhrán, Tursarraingí, Copóg Chatach, Slánlus, Lus Míonla, Duán Ceannchosach, Glasair Choille, Cab an Ghasáin, Sailchuacha, Peasair na Luch, Odhrach Bhallach, Feochadán Corraigh, Feochadán Móna, Seamair Dhearg, Mínscoth, Feochadán Colgach, Lus Síoda, Magairlín na mBeach, Tím Chreige agus Biolar Gréagáin. I measc na speiceas a thaifeadtar san fhéarthailte fliuch tá Fionnscoth, Lus Buí Bealtaine, Lus na Pingine, Giúnach, Mismín, Lus an Ghiolla agus Cnáib Uisce. Tacaíonn na limistéir seo freisin le daonra pórúcháin den Fritileán Réisc atá faoi chosaint.
Tá na móinéir lán de ghníomhaíocht ó thús an tsamhraidh agus go leor beacha, féileacáin, dreoilíní teaspaigh agus leamhain ansin, lena n-áirítear Buirnéad Sébhallach agus Conach Foluana. Taifeadadh go leor speiceas éan freisin lena n-áirítear Crotach, Scréachóg Reilige, Cnagaire, Lasair Choille agus Fuiseog.