Is leithinis caol 10 km ar fad is ea Pointe Charraig an Rois a shíneann siar ó dheas ó Dhún Cionnaola go Cuan Dhún na nGall. Tá féarach le fáil ar aolchloch ar iomairí ísle a bhfuil carraigeacha lomáin agus gleannta cruth ‘V’ le foirmíochtaí móna. Cruthaíonn an t-aolchloch nochta pábháil ina bhfaightear roinnt plandaí neamhghnácha lena n-áirítear Crobh Dearg, Rú Crua, Sú na mBan Mín agus Féar Boirne. I measc na bplandaí níos flúirsí ar na hithreacha tanaí agus ar na scoilteanna creagach tá Catluibh, magairlíní corraigh, Briúlán, Mínscoth agus na Circíní. Ar íochtair fhliuch na ngleann tá srutháin, áit a bhfuil Báchrán, Ceannbhán, Lus buí Bealtaine, Glasair Léana Bheag, Fionnscoth agus Biolar Trá ag fás go fairsing. Tá forbairt déanta ar limistéir fhraoigh ar ithreacha tanaí móna gar do dheireadh Phointe Charraig an Rois.
Tá limistéir de ‘Mhóinéar Molinia’ atá liostaithe i dTreoir Ghnáthóga an AE ann freisin, agus le Fionnán chun tosaigh, mar aon le Nuacht Bhallach, Magairlín Mór agus na Circíní.
A bhuíochas leis an raidhse d’Odhrach Bhallach, is suíomh iontach é Pointe Charraig an Rois chun an Fritileán Réisc a fheiceáil.