Téann an tsiúlóid trí limistéar de fhéarthalamh machaire. Is machairí cósta iad machairí a dhíorthaítear ó ghaineamh séidte ag an ngaoth, agus tugtar bruacha gainimh orthu i gceantair áirithe. Tá céatadán suntasach d’ábhar a dhíorthaítear ó shliogáin san ithir atá mar bhonn agus mar thaca ag na féarthailte seo, agus cé go bhfuil siad cothrom go ginearálta, is féidir droimneachtaí agus loig fhliucha a bheith acu freisin. D’fhorbair an ghnáthóg i ndlúthchomhar leis an bhfeirmeoireacht, le hinnilt gheimhridh ag ligean do bhláthanna rathú.
Bíonn athrú ar speicis flóra ó pháirc go páirc agus thar na séasúir. San earrach, cuimsíonn limistéir níos tirime speicis cosúil le Crobh Éin agus Méara Muire. Faoin samhradh tacaíonn bíonn Tím Chreige, Boladh Cnis, Glanroisc, Cluas Chait, Gliográn agus Hocas Tae ag fás sna ceantair seo, agus i dtreo dheireadh an tsamhraidh tá Méaracán Gorm ag roinnt suíomhanna agus fásann Mínscoth i go leor acu. Baineann tábhacht le seamra freisin, agus splancanna dathanna á soláthar ag an Seamair Dhearg go déanach amach san earrach. Is féidir magairlíní a fháil sna paistí taise.
Is mór chun maitheasa raon leathan feithidí, lena n-áirítear an Bhumbóg Bhuí Mhór neamhchoitianta agus an Bhumbóg Glúineach Dhearg a bhíonn flúirse na mbláthanna. Bíonn teacht ar na Machairí freisin ag lapairí pórúcháin ar nós Pilibín. Tá roinnt mhaith pobal Giorria na hÉireann ann. Tá roinnt feirmeoirí sa cheantar ag obair faoi láthair le Saol ar Mhachaire, tionscadal atá maoinithe ag an AE agus a oibríonn le feirmeoirí, úinéirí talún agus pobail áitiúla d’fhonn córais machaire a chosaint agus a athchóiriú.