Tá Eastát Chrom suite i nDeisceart Fhear Manach ar chladach Loch Éirne Uachtarach agus tá raon iontach gnáthóg leathnádúrtha ann a chuimsíonn bogaigh, féarthailte, fearann páirce agus coillearnach. Tá an t-eastát trasna ar an dá thaobh den loch a bhfuil achar timpeall de 788 heicteár ag baint leis. Ciallaíonn cáilíocht agus éagsúlacht na ngnáthóg gur láithreán caomhnaithe tábhachtach é Crom, rud atá aitheanta ag ainmniúcháin náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Tá cuid de na samplaí is fearr de
ghnáthóg fearann páirce i dTuaisceart Éireann ag Crom, athraíonn an ghnáthóg féarthailte faoi bhun ó fhéarthailte leathfheabhsaithe go fionnán agus féarach luachra, agus móinéar ísealchríche le Nuacht Bhallach, Glanrosc, Cluas Chait, Mínscoth, Gliográn, Seamair Dhearg agus Slánlus.
Tá féarthalamh fliuch atá saibhir ó thaobh speiceas de fairsing, agus is minic a chruthaíonn sé aistrithe casta le gnáthóg eanach, giolcarnach agus seascann. Is Feorainne agus Lachán na nDamhna is mó atá sa féarthailte seo, áit a bhfuil raon luibheanna cosúil le Lus an Dá Phingin, Lus Síoda, Lus na Pingine agus Glasair Léana Bheag. Tá Breallán Léana agus Créachtach araon ag eanach ‘móinéir’, áit a bhfuil Cnó Léana agus Airgead Luachra go flúirseach. Léirítear cáilíocht na bpobal féarthailte atá le fáil ag Crom sa líon mór plandaí neamhchoitianta agus suntasacha a fhaightear ann lena n-áirítear fealla bog, Peasairín Corraigh, Meacan Uisce agus Feilistrín Gorm.